Donegal 2040 is inviting expressions of interest from those interested in seeking to lease commercial space* at Island House, Killybegs, Co. Donegal.
Island House is a state-of-the-art new build facility strategically located on Killybegs Harbour (
F94 HY8V), Ireland’s premier fisheries harbour and offers over 350m² of newly developed office space.
Featuring high-quality finishes, high-speed fibre broadband, and spectacular views of the Wild Atlantic Way, the property comprises of a ground floor Tourism Office (tenant in situ) and two floors of open-plan office space, along with external terrace on the second floor overlooking the Atlantic Ocean.
Island House forms part of the Killybegs Town Centre Regeneration Project which has been funded by Donegal County Council and the Department of Rural and Community Development under the Rural Regeneration and Development Fund and Project Ireland 2040, and in co-operation with the Department of Agriculture, Food & Marine.
The building, designed by McCabe Architects, Donegal Town, and constructed by McDermott & Trearty Construction Ltd., Letterkenny, incorporates Nearly Zero Energy Building (NZEB) standards and achieves BER ratings of A2 for the available space for lease.
Donegal 2040, is a designated activity company owned by Donegal County Council and set up to promote economic development and investment and to manage the operation of key commercial facilities. Michael Ó hÉanaigh, Chairperson of Donegal 2040, said: "Island House represents a significant investment in the future of Killybegs and the wider south-west Donegal region. This modern, energy-efficient facility has been designed to support enterprise growth, innovation and job creation in one of Ireland’s most important maritime locations. We are encouraging ambitious proposals to consider the excellent opportunities that this landmark development can offer."
For an Expression of Interest form and further information, please email
info@donegal2040.ie, including ‘Killybegs Island House’ in the subject line.
Closing date for receipt of applications is 4pm on Tuesday September 1
st 2026.
*The premises is intended exclusively for office and business enterprise use. Retail, café, restaurant, or residential uses will not be permitted.
Léirithe Spéise á lorg le Teach an Oileáin – Spás Úrnua Fiontraíochta sna Cealla Beaga a thógáil ar léas
Tá Dún na nGall 2040 ag lorg léirithe spéise uathu sin a bhfuil suim acu spás fiontraíochta* i dTeach an Oileáin sna Cealla Beaga a thógáil ar léas.
Is spás úrnua ar ardchaighdeán é Teach an Oileáin atá suite go straitéiseach ar Chalafort na gCealla Beaga (F94 HY8V), mórchalafort iascaireachta na hÉireann agus tá spás úrnua oifige 350m
2 ann.
Tá bailchríocha ar ardchaighdeán le cois leathanbhanda snáthoptaice ar ardluas, agus radhairc áille ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le fáil ann chomh maith. San fhoirgneamh féin, tá Oifig Turasóireachta ar an bhunurlár (tionónta in situ) agus dhá urlár ina bhfuil spás oifige/fiontraíochta plean oscailte, le cois léibheann taobh amuigh ar an dara hurlár ag amharc amach ar an Atlanch.
Tá Teach an Oileáin mar chuid de Tionscadal Athghiniúna Lár Bailte do Na Cealla Beaga atá maoinithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoin Chiste um Athighiniúint agus Forbairt Tuaithe agus Tionscadal Éireann 2040, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara.
Rinne Ailtirí McCabe, Baile Dhún na nGall an foirgneamh a dhearadh agus rinne comhlacht tógála McDermott & Trearty Teo, Leitir Ceanainn an obair thógála. Tá an foirgneamh ag teacht le caighdeáin fuinnimh NZEB agus tá Rátáil Fuinnimh Foirgnimh A2 ag an spás atá le ligean ar léas.
Is cuideachta gníomhaíochta ainmnithe é Dún na nGall 2040 a chuir Comhairle Contae Dhún na nGall ar bun chun forbairt eacnamaíochta agus infheistíocht a chur chun cinn agus chun príomhshaoráidí tráchtála a bhainistiú.
Dúirt Michael Ó hÉanaigh, Cathaoirleach ar Dhún na nGall 2040: “Is léiriú é Teach an Oileáin ar infheistíocht mhór ata á déanamh i dtodhchaí na gCealla Beaga agus iardheisceart Dhún na nGall i gcoitinne. Tá an áis úrnua seo tíosach ar fhuinneamh agus deartha le borradh a chur faoi chúrsaí fiontraíochta, nuálaíochta agus cruthú fostaíochta i gceann de na háiteanna is tábhachtaí ó thaobh na mara de in Éirinn. Ba dheas linn dá ndéanfadh gnólachtaí uaillmhianacha a machnamh ar na deiseanna iontacha a thig a theacht chun cinn de bharr forbairt dá mhacasamhail.”
Le foirm Léirithe Spéise a iarraidh agus le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le
info@donegal2040.ie, agus cuir ‘Teach an Oileáin, Na Cealla Beaga’ i líne an ábhair. Ní mór na foirmeacha líonta a sheoladh ar ais chuig
info@donegal2040.ie roimh 4pm ar an Mháirt, 1 Meán Fómhair 2026.
*Tá an áitreabh beartaithe go heisiach le haghaidh úsáide oifige agus gnó. Ní cheadófar úsáidí miondíola, caifé, bialainne ná cónaithe.