Donegal County Council is encouraging residents and visitors to think twice before disposing of their waste this summer as the latest “Take a Minute Before You Bin It” campaign gets underway.
The national awareness campaign, running throughout July, aims to help householders and businesses correctly segregate common waste items and reduce contamination in recycling bins. As people enjoy barbecues, picnics, festivals and days out across Donegal during the summer months, the campaign highlights a range of seasonal items that are often placed in the wrong bin.
Items such as plastic salad tubs, sunscreen spray bottles, pizza boxes, foil trays and compostable serve-ware including wooden cutlery can all require different disposal methods and residents are being encouraged to take a moment to check where these items belong before throwing them away.
Main Beach, Bundoran
As Donegal welcomes visitors from across Ireland and beyond this summer, everyone is encouraged to play their part in protecting the county's spectacular beaches, landscapes and visitor attractions. By taking a minute before binning everyday items and ensuring waste is placed in the correct bin, residents and visitors can help preserve the natural beauty that makes Donegal such a special place to visit.
Cllr Gary Doherty, Cathaoirleach of Donegal County Council said:
‘Summer brings more opportunities to enjoy the Donegal outdoors, whether that's at our beaches, parks, festivals or family gatherings. However, it also brings additional waste. By taking a minute before you bin an item, you can help improve recycling rates, reduce contamination and protect our local environment.’
Donegal County Council is reminding people that recycling correctly plays an important role in conserving resources, reducing waste sent to landfill and supporting our circular economy ambitions.
Residents are also encouraged to remember the following:
- Empty and rinse recyclable food containers where possible
- Check local waste disposal guidance for compostable items
- Keep recycling bins free from contamination
- Dispose of waste responsibly when visiting beaches, parks and public spaces
- Take litter home if bins are full
With Donegal welcoming thousands of visitors throughout the summer season, the Council is asking everyone to play their part in keeping the county's towns, villages, beaches and beauty spots clean.
Ards Forest Park
During periods of good weather and increased visitor numbers, public litter bins can fill more quickly than usual, particularly at beaches and popular outdoor destinations. Donegal County Council is asking people to take a minute before they bin it and, where bins are full, to bring their litter home. This helps prevent litter from being scattered by wildlife and protects the appearance and environmental quality of our towns, beaches and coastal areas.
For more information on correct segregation and recycling, an A-Z guide, tips, FAQs and a handy checklist visit
www.mywaste.ie.
Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar Chónaitheoirí 'Smaointiú Arís sula gCuirfidh Siad sa Bhruscar é' an Samhradh seo.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do chónaitheoirí agus cuairteoirí araon smaointiú go cúramach sula gcuirfidh siad a gcuid dramhaíola sa bhruscar an samhradh seo agus an Chomhairle ag cur tús lena feachtas "Smaointigh Arís sula gCuirfidh Tú sa Bhruscar é'.
Is é is aidhm leis an fheachtas náisiúnta feasachta seo, atá ar siúl i rith mhí Iúil, ná cuidiú le sealbhóirí tí agus gnólachtaí gnáthbhruscar atá le caitheamh amach a scaradh mar is ceart óna chéile le go laghdófar an truailliú i mboscaí athchúrsála. Agus daoine ag baint sult as beárbaiciúnna, picnicí, féilte agus laethanta amuigh faoin spéir ar fud Dhún na nGall le linn mhíonna an tsamhraidh, díríonn an feachtas aird ar réimse rudaí séasúracha ar minic a chuirtear sa bhosca bruscair mícheart iad.
Bíonn modhanna éagsúla diúscartha i gceist le rudaí éagsúla amhail tobáin phlaisteacha sailéid, buidéil sprae grianscéithe, boscaí píotsa, traenna scragaill agus gléasanna riartha inmhúírínithe, lena n-áirítear sceanra adhmaid, agus táthar ag iarraidh ar chónaitheoirí bomaite beag a ghlacadh ar dtús lena sheiceáil cá háit go díreach ar chóir na rudaí sin a chur sula gcaitear amach iad.
Agus Dún na nGall ag cur fáilte roimh chuairteoirí ó gach cearn d'Éirinn agus ó níos faide i gcéin an samhradh seo, iarrtar ar gach duine a gcion a dhéanamh chun na tránna iontacha, na tírdhreacha iontacha agus na háiseanna cuairteora den scoith atá againn a chosaint. Ach bomaite a ghlacadh sula gcaithimid gnáthrudaí laethúla i mboscaí bruscair, agus cinntiú a dhéanamh go bhfuil dramhaíl á cur sa bhosca cheart, is féidir le cónaitheoirí agus cuairteoirí cuidiú leis an áilleacht nádúrtha ar leith atá againn i nDún na nGall a chaomhnú.
Seo mar a labhair an Clr. Gary Doherty, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall:
‘Le linn an tsamhraidh, bíonn níos mó deiseanna ag daoine sult a bhaint as áiseanna lasmuigh i nDún na nGall, bíodh sin ag tránna, páirceanna, féilte nó teacht le chéile teaghlaigh. Mar sin féin, bíonn tuilleadh dramhaíola agus bruscair ann fosta. Ach má ghlacann tú bomaite beag le smaointiú sula gcuirfidh tú rud ar bith isteach sa bhosca bruscair, thig leat cuidiú leis na rátaí athchúrsála a fheabhsú, an truailliú a laghdú, agus ár dtimpeallacht áitiúil a chosaint'.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag cur i gcuimhne do dhaoine go bhfuil ról tábhachtach ag an athchúrsáil ó thaobh acmhainní a chaomhnú, an dramhaíl a chuirtear chuig láithreán líonadh talún a laghdú agus tacú lena n-aidhmeanna ar son geilleagar ciorclach.
Moltar do chónaitheoirí cuimhneamh ar an mhéid seo a leanas a dhéanamh:
- Tobáin in-athchúrsáilte bhia a fholmhú agus a shruthlú
- Treoir áitiúil dramhaíola maidir le rudaí inmhúirínithe a sheiceáil
- Boscaí athchúrsála a choinneáil saor ó aon truailliú
- Fáil réidh le dramhaíl agus bruscar ar dhóigh fhreagrach agus tú ar cuairt chuig tránna, páirceanna agus spásanna poiblí
- Bruscar a thabhairt abhaile leat má tá na boscaí bruscair poiblí lán
Agus na mílte cuairteoir ag teacht chugainn i nDún na nGall le linn an tsamhraidh, tá an Chomhairle ag iarraidh ar gach duine a gcion a dhéanamh chun bailte, sráidbhailte, tránna agus radhairc áille an chontae a choinneáil glan.
Le linn tréimhsí dea-aimsire agus ardú ar an líon cuairteoirí, is féidir go líonfar boscaí bruscair poiblí níos gaiste ná mar is gnáth, go háirithe ag tránna agus ag cinn scríbe lasmuigh a mbíonn ráchairt mhór orthu. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar dhaoine bomaite beag a ghlacadh le smaointiú sula gcuirfidh siad dramhaíl sa bhosca bruscair, agus sa chás go bhfuil na boscaí bruscair lán, a mbruscar féin a thabhairt abhaile leo. Cuidíonn sé sin le bruscar a chosc ó bheith á scaipeadh thart ag ainmhithe beaga fiáine agus tugann sé cosaint do chuma agus do cháilíocht timpeallachta ár mbailte, ár dtránna agus ár gceantracha cósta.
Fá choinne tuilleadh eolais maidir leis an scaradh ceart agus an athchúrsáil cheart a dhéanamh, chomh maith le treoir A-Z, noda, Ceisteanna Coitianta agus seicliosta áisiúil, tabhair cuairt ar
www.mywaste.ie.