Text size

Greyscale

High contrast

Buy Donegal Campaign returns for 2025!

Support Donegal | Shop in Donegal | #BuyDonegal

#BuyDonegal is back for 2025, once again shining a spotlight on the incredible businesses of Donegal! This initiative continues to be a fantastic opportunity for local businesses to showcase their innovative products and services while encouraging everyone to support them. Developed by Donegal County Council, this year's campaign will run from November 24th to December 19th, offering ample time for festive shopping and discovering the best of Donegal.

Cathaoirleach, Cllr Paul Canning, states: “In 2024, we had 400 businesses participate in #BuyDonegal, making a significant impact on our local economy. The enthusiasm from both the Donegal community and our global Diaspora has been inspiring. We look forward to expanding this success further in 2025.” 

#BuyDonegal presents an excellent opportunity for consumers to find unique gifts from Donegal while supporting the local economy. The campaign encompasses a diverse range of sectors, including food and beverage producers, artisans, tourism, and retailers. It will be promoted through an online marketing strategy, including a dedicated website at buydonegal.com, where shoppers can browse an extensive selection of products and services from Donegal’s finest businesses. Visit the site now to explore the participating businesses and start planning your festive shopping list.

John G. McLaughlin, Chief Executive of Donegal County Council added, #BuyDonegal remains an excellent platform for highlighting the creativity, authenticity, and resilience of Donegal businesses. The enthusiastic response from both the business community and the public in previous years has been genuinely inspiring”. 

Whether you're close to home or far away, you can support Donegal businesses by purchasing Donegal-made products and services. Share your experiences on social media using the hashtag #BuyDonegal or its Irish equivalent, #CeannaighDúnnanGall.

For Donegal businesses that have not yet signed up for the campaign, please visit https://donegal.ie/businessportal to register your details and be a part of this exciting initiative!

 

 

Tacaigh le Dún na nGall

| Ceannaigh i nDún na nGall | #CeannaighDúnnanGall

Beidh #CeannaighDúnnanGall ar siúl arís i mbliana - feachtas ina mbíonn aird á tarraingt ar na gnónna iontacha atá i nDún na nGall! Bliain i ndiaidh bliana, tugtar deis mhaith do ghnónna a gcuid táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus tacaíocht a fháil ón phobal. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhíonn i mbun an fheachtais agus beidh sé ar siúl i mbliana idir 24 Samhain agus 19 Nollaig, go díreach ina am chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh agus blaiseadh a fháil de na táirgí is fearr atá le fáil i nDún na nGall.

Deir Cathaoirleach na Comhairle, an Clr Paul Canning: “Ghlac 400 gnó páirt i #CeannaighDúnnanGall in 2024, agus bhí tionchar nach beag aige sin ar an gheilleagar áitiúil. Cothaítear díograis i bpobal Dhún na nGall agus sa Diaspóra ar fud an domhain, rud atá ina ábhar spreagtha. Tá muid ag dúil le tógáil air seo in 2025.”

Is deis iontach do thomhaltóirí é #CeannaighDúnnanGall chun féiríní ar leith a cheannach i nDún na nGall agus tacaíocht a thabhairt don gheilleagar áitiúil. Tá réimse leathan earnálacha i gceist san fheachtas, ina n-áirítear táirgeoirí bia agus dí, ceardaithe, lucht turasóireachta agus miondíoltóirí. Cuirfear an feachtas chun cinn trí straitéis mhargaíochta ar líne, an suíomh idirlín buydonegal.com ina measc. Is féidir le tomhaltóirí súil a chaitheamh ar an rogha iontach táirgí agus seirbhísí atá le fáil ó na gnónna is fearr i nDún na nGall. Téigh chuig an suíomh idirlín, foghlaim faoi na gnónna atá páirteach san fheachtas agus déan amach liosta siopadóireachta na Nollag.

Dúirt John G. McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, “Is ardán iontach é #CeannaighDúnnanGall chun aird a dhíriú ar an chruthaitheacht, ar an iontaofacht agus ar an teacht aniar a bhaineann le gnónna i nDún na nGall. Is mór an díograis atá léirithe ag lucht gnó agus ag an phobal araon, le blianta beaga anuas”.

Is cuma más buailte ar an bhaile atá tú nó i bhfad i gcéin, is féidir tacú le gnónna i nDún na nGall trí sheirbhísí nó táirgí atá déanta i nDún na nGall a cheannach. Roinn d’eispéireas ar na líonraí sóisialta trí úsáid a bhaint as an haischlib #CeannaighDúnnanGall.

D’aon ghnó i nDún na nGall nach bhfuil cláraithe don fheachtas go fóill, téigh chuig https://donegal.ie/businessportal chun na sonraí a chlárú agus a bheith mar chuid den fheachtas iontach seo!

Key to map

Please select categories you wish to view on the map.