Donegal to become global centre for travel content creation!
From Tuesday 9th to Friday 12th of September the entire county of Donegal will be the hub for over 400 content creators from across the globe as they attend the annual TBEX Europe conference which will be held in Letterkenny.
Since the announcement was made by Donegal County Council in collaboration with Donegal Tourism CLG in May of last year, excitement has been hotting up within the creator community in anticipation of a return to Ireland for the third time that the conference has been held here.
Two of the four days will be spent by delegates on familiarisation trips across Donegal. These pre-arranged tours will include historical tours, boat trips, surfing, sea stack climbing as well as learning Irish, exploring Donegal’s distilleries, scenic cycling and guitar making. The two final days will see the conference take place at ATU in Letterkenny where there will be sessions in storytelling, SEO, photography, video, content marketing and more.
Opening and closing parties will take place at various locations across the county ensuring that Donegal’s famous hospitality is on display for the four days of the event.
Lead organiser, Mary Daly, Senior Tourism Officer with Donegal County Council, Tourism Unit is looking forward to welcoming the content creators “this event has been on the cards for a number of years now so it’s very exciting that it’s almost upon us. Tourism businesses in Donegal have been very generous with their time and services in anticipation of the familiarisation trips and I know that businesses in Letterkenny and the surrounding area are looking forward to seeing lots of the creators around town over the few days.”
Tourism Manager at Donegal County Council Joy Browne added “TBEX Europe will bring a significant spotlight on all areas of Donegal during the four days of the conference as well as afterwards as content is created and shared across social media and blog posts – the value of which is immeasurable. We extend a warm welcome to all the delegates and we look forward to showing off Donegal. The annual “Love Donegal” day also falls within that week (September 10th) so there will lots of opportunities to spread the word about the county!’
Chair of Donegal Tourism CLG and Donegal County Council Chief Executive John G McLaughlin said ‘This event is an excellent opportunity for raising awareness of the world class tourism offering here in Donegal and I encourage all of our tourism businesses to interact with the delegates and share the content that they are producing. For many delegates, this will be their first time in County Donegal and we want to ensure a great first impression when they get here.’
The conference will be held in Letterkenny at the ATU Campus.
Dún na nGall le bheith ina lárionad domhanda le haghaidh cruthú ábhar taistil!
Ó Mháirt go hAoine 9-12 Meán Fómhair, beidh contae Dhún na nGall ina lárionad do bhreis is 400 cruthaitheoir ábhair as gach cearn den domhan agus iad ag freastal ar chomhdháil bhliantúil TBEX Eorpach a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn.
Ó rinne Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Turasóireacht Dhún na nGall CTR é a fhógairt i mí na Bealtaine seo a chuaigh thart, tá pobal na gcruthaitheoirí ábhar lán le sceitimíní agus iad ag súil le filleadh ar Éirinn. Is é seo an tríú huair den chomhdháil a bheith ar siúl sa tír seo.
Caithfidh toscairí an chéad dá lá ar thurais eolais ar fud Dhún na nGall. Mar chuid de na turais réamhshocraithe seo beidh turais stairiúla, turais báid, surfáil, dreapadh ar stacaí farraige chomh maith le deis an Ghaeilge a fhoghlaim, le dúil a bhaint as drioglanna Dhún na nGall, le bheth ag rothaíocht ar shlí na radharc agus ag déanamh giotáir. Beidh an chomhdháil ar siúl ar an dá lá dheireanacha in OTA, Leitir Ceanainn, áit a mbeidh seisiúin ar scéalaíocht, ar optamú innill cuardaigh, ar ghrianghrafadóireacht, ar fhístaifead, ar mhargaíocht ábhair agus go leor eile ar siúl.
Beidh an oscailt agus an ócáid chlabhsúir ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud an chontae le tionscal aitheanta an fháilteachais i nDún na nGall a chur chun tosaigh ar feadh tréimhse an imeachta.
Tá an príomheagraí, Mary Daly, Oifigeach Sinsearach Turasóireachta le hAonad Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, ag dúil le fáilte a chur roimh chruthaitheoirí ábhair chun an chontae “tá an ócáid seo ar na bacáin le roinnt blianta agus is iontach an rud é go bhfuil sé ag teannadh linn anois. Tá gnólachtaí turasóireachta i nDún na nGall an-fial lena gcuid ama agus seirbhísí agus iad ag súil leis na turais eolais agus tá a fhios agam go bhfuil gnólachtaí i Leitir Ceanainn agus sa cheantar máguaird ag dúil le go leor de na cruthaitheoirí ábhair a fheiceáil timpeall an bhaile sna laetha beaga amach romhainn.”
Dúirt an Bainisteoir Turasóireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall, Joy Browne, “Tarraingeoidh TBEX Eorpach aird shuntasach ar gach ceantar i nDún na nGall le linn 4 lá na comhdhála ach ina dhiaidh an imeachta chomh maith mar go mbeidh ábhar á chruthú agus á roinnt ar na meáin shóisialta agus i bpostálacha blag – agus ní féidir luach a chur air sin. Cuirimid fearadh na fáilte roimh na toscairí go léir agus táimid ag dúil go mór le Dún na nGall a chur ina láthair. Beidh an feachtas “Dún na nGall Abú” ar siúl sa tseachtain sin fosta (10 Meán Fómhair) agus dá bhrí sin, beidh neart deiseanna ann ár gcontae a chur chun cinn ar fud na cruinne!”
Dúirt Cathaoirleach Turasóireacht Dhún na nGall CTR agus Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G McLaughlin, “Is deis iontach í an ócáid seo chun aird a tharraingt ar an áis iontach turasóireachta atá i nDún na nGall agus molaim dár ngnólachtaí turasóireachta go léir caidreamh a chothú leis na toscairí agus an t-ábhar atá á chruthú ag na cruthaitheoirí ábhair a roinnt. Beidh go leor de na toscairí, ag tabhairt cuairt ar Chontae Dhún na nGall den chéad uair agus ba mhaith linn a chinntiú go rachaidh an áit i bhfeidhm go mór orthu nuair a bhainfidh siad ceann scríbe amach”