Bí linn chun páirt a ghlacadh i ndraíocht an cheoil thraidisiúnta ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ó 27 Nollaig 2026 go 1 Eanáir 2027. Lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Iarthuaisceart Thír Chonaill, cuireann Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair clár cúig lá lán le ceol, cuideachta agus craic ar fáil do gach aoisghrúpa – díreach mar a bhíonn gach bliain.
Come and experience the magic of traditional music at Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair from December 27th 2026 to January 1st 2027. The Scoil Gheimhridh is set in the stunning Gaeltacht region of North-West Donegal, and always promises to be a fun-filled five days for all ages, and this year is no exception!
Full Event Description
Féile ealaíon traidisiúnta agus scoil cheoil 5 lá, a bheidh ar siúl idir an 27/12/2026 agus an 01/01/2027 i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall. Bíonn ranganna ceoil, amhránaíochta agus damhsa traidisiúnta ar siúl ann i rith an lae agus go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí tráthnóna lena n-áirítear ceolchoirmeacha, cainteanna agus siúlóidí seisiúin. Is deis iontach í do chuairteoirí agus do fhoghlaimeoirí araon, agus meallann sí daoine ó gach cearn den domhan gach bliain. Tagann go leor cuairteoirí fosta chun taitneamh a bhaint as na himeachtaí agus na seisiúin.
A 5-day traditional arts festival and music school, taking place between 27/12/2026 and 01/01/2027 in the heart of the Donegal Gaeltacht. There are traditional music, singing and dancing classes during the day and many events and activities in the evening including concerts, talks and session walks. It is a great opportunity for visitors and learners alike, and attracts people from all over the world every year. Many visitors also come to enjoy the events and sessions.